Irish Film Institute -

Toirbhirtí Dúchais: Ceiliúradh ar Léiriúcháin Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge

Mí an Mhárta seo, chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, tá an IFI ag díriú airde ar scannáin iontacha Éireannacha trí The Race,  It Came from Connemara!! agus Paddy a thaispeáint. Tá Cartlann Scannán an IFI ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le taispeántais atá saor in aisce ag am lóin, ina measc Amharc Eireann agus Pobal agus tá sí ag féachaint le hathdhúichiú an scannáin thábhachtaigh Ghaeilge Oidhche Sheanchais i mí Iúil. I mblagiontráil an lae inniu ó Leabharlann Tiernan MacBride an IFI  breathnaíonn muid ar léiriúcháin Gaeilge eile lena gcuirtear ár dteanga dhúchais chun cinn le snas agus le samhlaíocht.

Poitín (1978)

Insíonn Poitín scéal Mhichil, déantóir poitín i gConamara a bhaineann díoltas amach ar bheirt ghníomhairí dá chuid nuair a fheallann said air agus nuair a dhéanann siad bagairt ar a iníon. Ba é seo an chéad phríomhscannán drámaíochta a léiríodh go hiomlán as Gaeilge agus ba Éireannaigh iad an fhoireann agus na haisteoirí  ar fad. [1] Leis an scannán seo, bhí an stiúrthóir Bob Quinn ag iarraidh an léiriú rómánsach d’Iarthar na hÉireann a cuireadh i láthair in The Quiet Man i 1952 a chealú. [2] Is iad Cyril Cusack, Donal McCann agus Niall Tóibín na príomhaisteoirí as grúpa aisteoirí áitiúla a léiríonn comhphobal atá millte ag léirscrios agus anró. Measctar an chruálacht, an trua agus an greann dorcha le chéile go cumasach sa scannán seo chun saothar cumhachtach a dhéanamh a bhfuil an-mheas air mar cheann de na scannáin is fearr a tháining ón tír seo. Bheartaigh Quinn an Ghaeilge a chur chun cinn le Poitín toisc gur chreid sé gur bhain tábhacht ar leith leis an teanga mar, “bhunús agus foinse ár n-acmhainní cruthaitheacha go léir.” [3]

Poitin

Déanann Sleamhnán (Niall Tóibín) agus Labhrás (Donal McCann) bagairt ar Mhichil (Cyril Cusack) i bPoitín.
Cóipcheart ag Cinegael 1978.

 

Ros na Rún (1996-Inniu)

Is sobaldráma cáiliúil Gaeilge é Ros na Rún atá ar siúl ar TG4 ó 1996 i leith. Tá an clár, atá bunaithe i gConamara, treoirithe ag na carachtair, seachas ag na hábhair achrainn, agus cuireann sé na plotaí drámatúla atá in úsáid i ngnáth-sobaldrámaí le chéile le cómhrá greannmhar agus le súiteán  gotach dorcha. Bhí adhaltranas, féinmharú, dúnmharú agus striapachas le feiceáil ina snáitheanna scéalta   roimhe seo ach ba í mionpháirt Stephen Fry ba mhó a tharraing aird na meán ar an gclár. Chuir Hugh Farley, léiritheoir ar Ros na Rún, fáilte roimh thairscint Fry páirt a ghlacadh in eipeasód in 2011 mar “thíolacadh ó neamh” [4] a chuir an clár i mbéal an phobail agus a chuir lena scór féachana teilifíse. [5] San eipeasód sin, glacann Fry páirt turasóra a fhaigheann an lámh in uachtar ar bheirt charachtar ón gclár nuair a dhéanann siad iarracht buntáiste a bhreith air mar gheall ar a easpa Gaeilge. Cheap léirmheastóir amháin go raibh an eachtra ag magadh faoi na daoine siúd “a úsáideann a dteanga dhúchais mar arm amplach seachas mar uirlis cumarsáide.” [6]

 

Ros na Run

Faigheann turasóír (Stephen Fry) an lámh in uachtar ar Thadhg (Macdara Ó Fátharta)
agus ar Shéamus (Diarmuid Mac an Adhaistair) i Ros na Rún. Cóipcheart ag EO Teilifís agus Tyrone Productions 2011.

 

Yu Ming is Ainm Dom (2003)

Díríonn an scannán gearr seo ar Yu Ming, fear óg Síneach a bheartaíonn ar thaisteal go hÉirinn chun éalú óna shaol crua. Déanann sé staidéar díograiseach  ar an nGaeilge nuair a thaispeánann a thaighde dó gur teanga oifigiúil na tíre í, ach tá mearbhall air nuair nach féidir le duine ar bith in Éirinn é a thuiscint. Ar an dea-uair, buaileann sé le Gaeilgeoir i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath agus lena chúnamh aimsíonn sé baile nua sona mar fhear beáir sa Ghaeltacht. Léiríonn an scannán braistintí scoiteachta na himirce agus cuireann leachtdathanna glasa, gorma agus buí riochtaí aigne difriúla Yu Ming in iúl dúinn. Úsáideann scríbhneoir agus stiúrthóir Daniel O’Hara an greann freisin chun scrúdú glic a dhéanamh ar dhéfhiús na nGael i leith a dteanga dhúchais. Rinneadh le buiséad beag €10,000 [7] é agus tá sé fós ar cheann de na saothair is mó a bhfuil tóir air ó scéim Lasair TG4 agus Filmbase. Thug an scannán ocht duais déag leis ó fhéilte ar fud an domhain, ina measc an Aspen Shortsfest and Film Fleadh na Gaillimhe. [8]

Yu Ming is Ainm Dom

Tá ionadh an domhain ar Yu Ming (Daniel Wu) nuair a mhíníonn Paddy (Frank Kelly)
castacht na Gaeilge dó. Cóipcheart ag Dough Productions 2003.

 

Paisean Faisean (2005-2010)

Ba chlár teilifíse é Paisean Faisean ina raibh triúr fear in iomaíocht lena chéile chun bean a mhealladh. Tugadh €400 dóibh chun feisteas nua a cheannach don bhean i gceist agus b’éigean don bheann ceann de na feistis a roghnú. Ansin thugadh fear an fheistis bhuaitigh amach. Thaifead Magma Films an clár lena theanga ina phluc aige agus é ag nochtadh aineolais aeistéitiúil buachaillí nach raibh ábalta idirdhealú a dhéanamh idir sciortaí agus gúnaí agus fear amháin a, “cheap gur ionann ‘stíl Boihéamaigh’ agus an fhoireann peile.” [9] Chuir Aoife Ní Thuairisg na chéad trí shéasúr i láthair agus chuir na rudaí magúla a dúirt sí faoina fiacail leis an gceamara go mór le tóir an chláir. Bhí iomaitheoirí ag geáitseáil do na ceamaraí, ag caint leis na mainicíní agus ag tógáil néil ar bhínsí páirce chun a dtraochadh ón siopadóireacht a chur in iúl. Bhí na scóranna féachana do Paisean Faisean i measc na scóranna is airde a bhí faighte ag TG4 riamh agus dúradh ina leith gur “chabhraigh sé leis an spraoi a chur ar ais sa Ghaeilge.” [10] Chuir an clár lena íomhá ‘nuálach’ [11] nuair a chraol sé eipeasód in 2007 inar ghlac iomaitheoirí aeracha páirt, agus nuair a tharraing fógraí mígheanúla don chlár conspóid in 2005 and arís in 2007. [12] 

Paisean Faisean

Chuir Aoife Ní Thuairisg greann agus galántacht le Paisean Faisean.
Cóipcheart ag Magma Films 2007.

 

Lón sa Spéir/Men at Lunch (2012)

Scrúdaíonn an scannán faisnéise seo an maíomh gurb iad Sonny Glynn agus Matty O’Shaughnessy, eisimircigh Éireannacha, an bheirt atá le feiceáil sa ghriangraf clúiteach Lunch Atop a Skyscraper. Taispeánann an pictiúr aon fhear déag ag ithe lóin ar bhíoma atá ar crochadh 850 troithe ós cionn Manhattan nuair a bhí foirgneamh Rockefeller á thógáil i 1932. Tháinig an-tóir air mar íomhá a thug léargas  ar an Spaladh Mór, “ag samhailchomharthú dóchais agus uaillmhéine fad a bhí geilleagar an domhain ag tuisliú.” [13] Chaith scánnánóirí Seán and Éamonn Ó Cualáin cúig bliana ag déanamh taighde ar shaolta na beirte a d’fhág Gaillimh chun taisteal go Meiriceá  i ndiaidh an Chogaidh Chathartha i 1922. Aithrisíonn Fionnula Flanagan leagan Gaeilge agus leagan Béarla Lón sa Spéir agus tá agallaimh le baill teaghlaigh, staraithe agus iriseoirí ann mar chuid den scannán faisnéise. Déanann sé argóint an-láidir ar son fhírinne an mhaímh agus is moladh tochtmhar é do na glúine a d’fhág Éire chun Meiriceá a thógáil. 

Men at Lunch

Scrúdaíonn Lón sa Spéir an maíomh gurb iad Sonny Glynn agus Matty O’Shaughnessy an bheirt atá ina shuí ar thaobh na láimhe deise
and ar thaobh na láimhe clé i Lunch Atop a Skyscraper. Cóipcheart ag Corbis Images 1932 and Sónta 2012.

 

Le Eilís Ní Raghallaigh

Tagann an t-eolas sa bhlag seo ó bhailiúcháin gearrtháin, íomhánna, doiciméid agus leabhair Cartlainne Scannán an IFI. Tá na mílte comhad, íomhá agus alt sa bhailiúcháin seo a bhaineann le gach gné de léiriúcháin scannán Éireannacha agus spéise Éireannacha agus léiriúcháin teilifíse. Tá siad ar fáil i leabharlann Tiernan MacBride i rith na n-uaireanta oscailte nó déan coinne le Leabharlannaí an IFI.  Is cuid de bhailiúcháin scannán na Cartlainne Scannán iad Poitín, Yu Ming is Ainm Dom agus Lón sa Spéir agus is féidir coinne a dhéanamh chun breathnú orthu. Cuir aon cheist atá agat faoi bheith ag breathnú ar scannáin go hOifigeach Rochtana Íomha Ghluaisteach na Cartlainne Scannán, más é bhur dtoil é.

TAGAIRTÍ

[1] n/b. (1978, Feabhra). Nótaí léiriúcháin Poitín. Léiriúcháin Cinegael.

[2] n/b. (1978, Feabhra). Nótaí léiriúcháin Poitín. Léiriúcháin Cinegael.

[3] Finlan, M. (1978, Feabhra 25). Bob Quinn. An Irish Times, l. 12.

[4] McGreevy, R. (2011, Márta 3). Fry drops in to soft-soap cast of TG4’s ‘Ros na Rún.’ An Irish Times, l. 3.

[5] Ahern, J. (2012, Eanáir 9). That’s my business. An Metro Herald, Metro Life Extra, l. 19.

[6] Fay, L. (2011, Márta 6). Green shoots of recovery. An Sunday Times, Culture, l. 36.

[7] Whitaker, R. (2003, Samhain/Nollaig). How to make a winning Irish short. Film Ireland, l. 22-24.

[8] n/b. (2013). Gearrscannán – Yu Ming is Ainm dom. Filmbase. Faighte  ar an 9ú lá de mhí an Mhárta ó http://filmbase.ie/short-film-yu-ming-is-ainm-dom/#.VP4IXuFcqwk

[9] Power, E. (2005, Eanáir 18). This will be lovely on you, dear. An Irish Independent, l. 46.

[10] McCaughren, S. (2006, Samhain 3). How Spongebob led the fight for the cupla focail. An Irish Independent, l. 3.

[11] McCaughren, S. (2006, Samhain 3). How Spongebob led the fight for the cupla focail. An Irish Independent, l.3.

[12] Power, E. (2010, Aibréan 29). Advertising’s bottom line as the Hunky Dory ad causes a ripple. An Irish Independent, l. 20.

 [13] Maguire, J. (2013, Feabhra 3). Flight fails to maintain attitude. An Sunday Business Post Magazine, l. 34.


The IFI is supported
by The Arts Council

Arts Council of Ireland